Eóin 5:23-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Do chum go nonórfadh gach uile dhuine an Mac, mar onóraid siad an Tathair. An té nach onóruigheann an Mac ní onóruigheann sé an Tathair do chuir uádh é.

24. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.

25. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráth chluinfid na mairbh guth Mhic Dé: agus an dream chluinfeas mairfid siad.

26. Oír mar atá beatha ag an Athair ann féin; is mar sin tug sé don Mhac fos beatha do bheith aige ann féin;

27. Agus fós tug se ughdarras do bhreitheamhnus do dhéunamh, an méid gur ab é Mac an duine.

28. Ná bíodh iongnadh aguibh ann so: oír tiocfaidh an uáir, ann gcluinfid an mhéid atá ann sna túamuidhibh a ghuthsan,

Eóin 5