1. Na dhíaigh so do bhí lá féusda na Níuduígheadh; agus do chúaidh Iósa súas go Híarusalém.
2. Agus atá a Níarusalém láimh ré margadh na ccáorách loch, dá ngoirthear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúig calaidh.
3. Do bhádar mórán do dháoinibh eugcrúaidhe na luighe ionnta so, do dhalluibh, do bhacachuibh, agus do luch seirglidhe, do bhí ag fuireach re corrughadh an uísge.
4. Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, agus do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar a nadhbharsin gidh bé cédneach do théigheadh síos ann tar eis bhuáidheartha an uisge do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air.