43. Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé.
44. Oír rug Iósa féin dfíadnuisi, nach bhfuil cion ar fháidh ánn a thír féin.
45. Ar a nadhbharsin an tan tháinig sé do Ghalilé, do ghabhadar luchd na Galilé chuca é, íar bhfaicsin gach ní dá ndearna sé a Nierusalem lá an fhéusda: óir tangadarsan féin chum an fhéusda.
46. Ar a nadhbharsin táinig Iósa a rís go Cána na Galilé, mar a ndéarnuidh sé fíon don uisge. Agus do bhí tighearna áirighe, a Gcápernáum agá raibh a mhac tinn.
47. An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.
48. Ar nadhbharsin a dubhairt Iósa ris, Muna bhfaicthí comharthuighe agus míorbhuile, ní chreidfidhe.
49. A dubhairt an tighearna ris, A Mhaighisdir, éirigh síos suil do gheabhas mo mhac bás.
50. A dubhairt Iósa ris, Imthigh romhad; mairidh do mhac. Agus do chreid an duine don fhocal a dubhairt Iósa ris, agus do imthidh sé.
51. Agus ar ndul síos dó láthair, tárladar a shearbhfhoghantaidhe air, agus dinnsigheadar dho, ag rádh, Mairidh do mhac.
52. Ar a nadhbharsin dfíafruigh sé dhíóbh an uáir fuáir sé fáoíseamh. Agus a dubhradarsan ris, A né air an seachdmhadh huair dfág an fiabhrus é.
53. Ar a nadhbharsin do aithin an tathair gur bhé a nuáirsin féin, ann a ndubhairt Iósa ris, Mairidh do mhac: agus do chreid sé féin, agus a thigh uile.
54. Ag so an dara comhartha do rinne Iósa a rís, an tan tháinig sé ó thír Iúdaighe don Ghalilé.