Eóin 4:26-43 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. A dubhairt Iósa ría, As misi é labhrus riotsa.

27. Agus fa namsin thangadar a dheisciobailsion, agus do biongnadh léo gur labhair sé ris an mnáoi: achd cheana ni dubhairt áoinneach, Créud iarrus tú? nó, Créud labhrus tú ría?

28. Ar a nadhbharsin dfag an bhean a sóitheach uísge, agus do chúaidh sí don chathraigh, agus a dubhairt sí ris na daóinibh,

29. Tigidh, féuchuidh an duine, a dubhairt riumsa gach éin ní dá ndearna mé ríamh: a né nach é so Críosd?

30. Ar a nadhbharson do chuádar amach as an gcathraigh, agus tangadar chuigision.

31. Agus diárradar a dheisciobail air fá a namsin ag rádh, A Mhaighisdir, ith bíadh.

32. Agus a dubhairt seisean riu, Atá biadh agamsa ré na ithe nach bhfuil a fhios aguibhsi.

33. A dubhradar a dheisciobail ré chéile, An dtug áoinneach chuige ní do íosadh sé?

34. A dubhairt Iósa ríu, As é mó bhíadhsa toil an té do chuir úadh mé do dhéunamh, agus a obair do chríochnughadh.

35. An é nach abartháoisi, go bhfuilid ceithre mhí fós, agus go dtiocfa an fóghmhar ann sin? féuch, a deirim ribh, Tóguidh súas bhur súile, agus féuchuidh na réghióin; óir atáid siad geal cheana chum a nfoghmhair.

36. Agus an té bheannas glacaidh sé túarasdal, agus cruinnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas agus an té bheanus lúagháireach a néinnfheachd.

37. Oír as ann so atá an radh úd firinneach, Go síolchuireann neach, agus go mbeanann neach eile.

38. Do chuir misi sibhsi do bhúain an neithe nar sháothrabhair: do sháothraigheadar dáoine eile, agus do chúabhairisi a steach ann a sáothar.

39. Agus do chreideadar mórán do Shamaritanachaibh na caithreacha sin ann san ar son chomhráidh na mná, noch do dhearbhuigh, Dubhairt sé leam gach ní dá ndearna mé.

40. Ar a nadhbharsin an tan tangadar na Samaritanaigh chuige, díarradarair fuireach aca féin: agus do chomhnuigh sé dhá lá ann sin.

41. Agus as ro mhó ná sin do chreid ann ar son a bhréithre féin.

42. Agus a dubhradar ris an mnáoi, Ní ar son do chomhráidhse chreidmídne feasda: óir do chúalamar féin é, agus atá a fhios aguinn go fírinneach gur ab é so Críosd, Slánuightheóir an domhain.

43. Agus tair éis dhá lá do chúaidh sé as sin, agus dimthigh sé don Ghalilé.

Eóin 4