29. An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.
30. As éigean dosan breisadh, agus damhsa laghdughadh.
31. An té thig a nuás atá sé ós cionn cháich uile: an té atá ón talamh atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neither talmhuighe: an té thig ó neamh, atá sé ós cionn cháich uile
32. Agus an ní do chunnairc agus do chúalaidh sé, do ní sé so dfiadhnuise; achd ní ghlacan áonduine a fhíadnuisi.
33. An té ghlacus a fhíadhnuisisean do chomharthuigh sé go bhfuil Día fírinneach.
34. Oír an té do chuir Día uádh labhraidh sé bríathra Dé: oír ní do réir mhiosuir bheir Día an Spiorad dó.
35. Atá grádh ag an Athair do Mhac, agus tug sé na huile neithe iona láimh.