8. Ann sin do chuáidh an deisciobal eile a sdeach mar an gcéudna, noch tháinig ar tús chum an túama, agus do chunnairc sé sin, agus do chreid sé.
9. Oír ní raibh fios an sgríobtúr fós aca, gur bhéigin eision deiséirghe ó mharbhaibh.
10. Ar a nadhbharsin dfilleadar na deisciobáil dá nárus féin.
11. Achd do sheas Muire ag an túama amuigh a gul: agus ag gul dí, do chrom sí a sdeach, ann sa túama,
12. Agus do chunnairc sí dhá aingeal na suidhe a gcúlaidhibh glégheala, fear agá cheann, agus fear agá chosaibh, sa náit iona raibh corp Iósa curtha.
13. Agus a dubhradar ría, A bhean, créud fá a nguileann tú? A dubhairt sise ríu, Do bhrígh go rugadar mo Thighearna léo, agus nach fios damh cá háit ann ar chuireadar é.
14. Agus an tan a dubhairt sí so, dfill sí ar a háis, agus do chunnairc sí Iósa na sheasamh, agus níor aithin sí gur bé Iósa é.
15. A dubhairt Iósa rís, A bhean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraigh? Ar na sháoilsin dise gur ab é an gárghadóir do bhí ann, a dubhairt sí ris, A thighearna, má rug tusa leachd é, innis damhsa gá hair ann ar chuir tú é, agus béuruidh misi leam é.