Eóin 20:20-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.

21. A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.

22. Agus an tan a dubhairt sé so, do shéid sé orrtha, agus a dubhairt sé ríu, Gabhuidh an Spiorad Náomh.

23. Gidh bé dhá maithfidh sibh a bpeacaidh, atáid síad maithfeadh aca; agus gidh bé peacaidh choingéubhtháoi, atáid síad congbhaithe.

24. Achd ní raibh Tomás, ré a ráitear Didimus, áon don dá fhear dhéug, na bhfochair a nuáir tháinig Iósa.

25. Ar a nadhbharsin a dubhradar na deisciobail eile rís, Do chunncamairne an Tighearna. Agus a dubhairt seision ríu, Muna bhfaice misi lórg na dtairrngeadh ann a lámhuibh, agus muna gcuire mé mo mhéur a náit na dtairrngeadh, agus muna ccuire mé mo lámh ann a tháobh, ní chreidfe mé.

Eóin 20