18. Táinig Muire Mhagdalén dá innisin do na deiscioblaibh go bhfacaidh sí an Tighearna, agus go ndubhairt sé na neithese ría.
19. Agus ar dteachd an trátha nóna an lá sin féin, an céud lá don tseachdmhuin, agus ar mbeith do na dóirrdibh dúnta mar a rabhadar na deisciobáil cruinn deagka na Níuduigheadh, tháinig Iósa agus do sheas sé na lár, agus a dubhairt sé ríu, Síothcháin maille ribh.
20. Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.
21. A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.
22. Agus an tan a dubhairt sé so, do shéid sé orrtha, agus a dubhairt sé ríu, Gabhuidh an Spiorad Náomh.
23. Gidh bé dhá maithfidh sibh a bpeacaidh, atáid síad maithfeadh aca; agus gidh bé peacaidh choingéubhtháoi, atáid síad congbhaithe.
24. Achd ní raibh Tomás, ré a ráitear Didimus, áon don dá fhear dhéug, na bhfochair a nuáir tháinig Iósa.