Eóin 16:29-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. A dubhradar a dheisciobail rís, Féuch, a nois labhrus tú go soilléir, agus ní labhrann tú cosamhlachd ar bith.

30. A nois aithneamáoid go bhfuil fios na nuile neitheann agad, agus nach righeann tú a leas duine ar bithe do chur cheasda ort: as so chreidmid gur ab ó Dhía tháinig tú.

31. Do fhreaguir Iósa íad, An gcreidtí a nois?

32. Féuch, tiocfuidh a naimsir, agus tháinig sí cheana, ann a sgarfuidhear gach áon díbh ó cheile, gach uile dhuine dá ionad féin, agus fúigfidhe misi am áonar: gidheadh ní bhfuilim am áonar, óir atá an Tathair am fhochuir.

33. Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.

Eóin 16