Eóin 16:17-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Uime sin a dubhradar cuid dá dheisciobluibh ré chéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a ris tamall beag, agus do chifidhe mé: agus, Oir atáim ag dul chum a Nathar?

18. Ar a nadhbharsin a dubhradar, Créd as cíall don ní so deir sé, Tamall beag? Ní thuigmíd créd a deir sé.

19. Achd do bhí a fhios ag Iósa gur mhían léo a fhíafruighe dhe, agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltí dhá fhíafruighe so eadruibh fein mar a dubhairt mé, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a rís tamall beag, agus do chifí me?

20. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, agus go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach, gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngáirdeachus.

21. Ag breithe leinibh do mhnáoi, bí sí a bpéin, óir tháinig a huáir: achd tar éis leinibh do bhreith dhi, ní chuimhnigheann sí a doilgheas ní as foide, lé gairdeachus go rugadh duine chum an tsáoghuil.

22. Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.

Eóin 16