Eóin 12:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus do bhí a fhios ag cuid mhóir do na Iúdaidhibh go raibh sé ann sin: agus tangadar ní ar son Chríosd ámháin, achd do chum go bhfaicfidís Lásarus fós, noch do dhúisigh seision ó mharbhuibh.

10. Uime sin do rinneadar na hárdsagairt do chomhairle Lásarus fós do mharbhadh;

11. Do bhrígh gur imthiodar mórán do na Iúdaidhibh air a shonsan, agus gur chreideadar a Níosa.

12. Achd ar na mhárach mórán dáoine dá dtáinig chum an fhéusda, an tan do chuáladar go raibh teachd Iósa go Hiarusalém,

13. Do ghlacadar géuga pailme, agus do chuádar a mach do theagmháil air, agus do éighmheadar, Hosanna: As beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna Rí Isráel.

14. Agus ar bhfagháil asail, Díosa, do shuidh sé air; mar ata sgríobhtha,

15. Ná bíodh eagla ort, a inghean Shióin: féuch, atá do Rí ag teachd, na shuidhe ar searrach asail.

Eóin 12