Eóin 1:48-51 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú.

49. Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.

50. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Tré go ndubhairt mé riot, Do chunnairc mé thú fáoi an gcrann fíge, an gceideann tú? do chífi tú neithe as mó ná iád so.

51. Agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhfaicfidhe ó so amach neamh osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teachd a núas ar Mhac an duine.

Eóin 1