Ccolossianach 3:6-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Tré na dtig díoghaltus Dé ar chloinn na heasúmhlachda:

7. Ann a rabhabhairse fós ag siubhal a nallód, ar mbeith dhíbh ag caitheamh bhur mbeatha ionnta.

8. Achd a nois cuiridh uáibh na neithesi uile; fearg, buirfe, blaisphéime, droichmhéin, comhradh saladh as bhur mbéul.

9. Ná déunuidh bréug ré chéile, ó chuireabhair an seanduine dhíbh maille ré na ghníomharthuibh;

10. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é:

11. Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh.

12. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;

13. Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.

14. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.

Ccolossianach 3