Ccolossianach 2:8-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.

9. Oír atá a nuile iomláine Dhíaghachda na cómhnuidhe annsan go corparrdha.

10. Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:

11. Ann a bfuilti mar an gcéudna timchillgearrtha ré timchillghearradh nach láimhdhéunta, ag cur chuirp pheacuidh na féola dhíbh tré thimchillghearradh Chríosd:

12. Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.

13. Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;

14. Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;

15. Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.

Ccolossianach 2