Bhphilippiánach 3:8-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,

9. Agus go bhfuighthí annsan mé, gan bheith dom fhiréunntachd féin, thig ón reachd agám, achd a nfhiréuntachd thig tré chréideamh Chriosd, an fhíréuntachd atá ó Dhía tré chreideamh:

10. Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;

11. Dá fhéuchain an dtiucfadh dhíom ar éunchor rochdain go heiséirghe na marbh.

12. Ní hé go ráinic mé cheana, nó go bhfuilim fos ar dteachd chum críche: achd atáim ag rioth, dféuchain an dtiucfadh dhíom fós breith uirrthe do bhrígh go rugadh oram cheana ré Iósa Críosd.

13. A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham,

14. Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.

Bhphilippiánach 3