7. Már as cóir dhamh an breathnughadhsa do bheith agum oruibh uile, do bhrígh go bhfuil sibh agam um chróidhe; go rabhabhair uile páirteach ré mo ghrása, ré linn mo ghéibheann, agus mo chosanta agus mo dhaingnighthe ar a tsoisgéul.
8. Oír atá Día dfíadhnuise agum, ar mhéud mo dhúile ionnuibh uile ó fhréumhach mo chróidhe a Níosa Críosd.
9. Agus íarruim so dathchuinghe, bhur ngrádhsa do líonadh fós ní sa mhó ná chéile a neólas agus a nuile thuigse;
10. Ionnus go ndearbhadh sibh na neithe as fearr; as go mbíadh sibh fíorghlan gan tuisleadh ar bíth go lá Chríosd;
11. Ar mbeith líonta do thórrthuibh fíréuntachda, noch tré Iósa Críosd, lionus chum glóire agus molta Dé.
12. Agus as mían riom a fhios do bheith aguibh, a dhearbhráithre, na neithe thárrlá dhamh gur éiridh ríu barr oirdhearcuis do chur ar a tsoisgéul;