20. Do réir mar atá mo shúil agus mo mhuinighin go géur ris, nách ccuirfighthear adhnáire oram a náoin ni, achd maille ré gach uile dhóthchas, amhuil do tharrla dhamh a ríamh, go náirdeochar Críosd a nois mar an gcéudna um chorp, más tré bheatha, nó tré bhás é.
21. Oír as éudáil damhsa Críosd, más beatha no bás damh.
22. Agus dá dteagmhuigh dhamh bheith beó sa gcoluinn, biáidh sé tarbhach dhamh: agus créd do bhéuruinn do roghain ní eadair mé.
23. Oír atáim a gcúmhgach ar gach táobh, ar mbeith dhamh fonnmhar ar bheith fá reír, agus ar bheith a bhfochair Chríosd; óir ni bhfuil ann ní as fear ná sin:
24. Gidheadh as riachdanuigh dhibhsé mé fhuireach sa gcoluinn.