Bhphilippiánach 1:14-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Ionnus gur móide dánachd na coda as mó do na dearbhraithribh sa Dtíghearna, chum na bréithré do labhairt go neimheaglach, an mheisneach do ghabhadar chuca as mo chuibhrighthibhse.

15. Do ní dream áirighe go dhearbhtha Críosd do sheanmórughadh tré thnúth agus tre chonsbóid; agus dream eile tré dheaghthoil:

16. Do ní dream aca Críosd do sheanmórughadh trés chonsbóid, ní ó inntínn ghloin, ag sáoilsin dóibh go gcuirfid tuilleadh buáidheartha a gceann na gcuibhreach atá oramsa:

17. Achd dreim eile ó ghrádh, ar mbeith a fheasa aca, go bhfuilimse arm o chur chum féasda ar son an tsoisgéil.

18. Créd eile máseadh? atá Críosd fós dá sheanmórughadh ar gach éunchor, más a riochd fírinne nó fós a bhfírinne féin; agus do nímse dhá bhrígh so gáirdeachas, agus fós do dhéunad gáirdeachas.

Bhphilippiánach 1