1. Pol agus Timotéus, searbhfhoghantuighidh Iósa Críosd, chum na nuile náomh a Niósa Críosd nach atá a Bhfilippi, maille ris na heasbuguibh agus ris na deacanuibh:
2. Grasa maille ribh, agus síothcháin, ó Dhía ar Nathair, agus on Dtíghearna Iósa Críosd.
3. Beirim buidheachas ré mó Dhía gach uáir choimhnighim oruibhse,
4. Ag sídhéunamh úrnuighe maille ré gáirdeachus um uile ghuidhe ar bhur sonnsa uile,
5. Do bhrígh bhur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois;
6. Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd: