3. Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ni thuicfa an lá sin muna dtiucfaidh tréigean ar tús, agus go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe;
4. An námhuid do áirduigheas é féin ós cionn gach neithe dá ngoirthear Día, nó do nithear onóruigheadh; ionnas go súighfe sé mar Dhía a dteampoll Dé, dhá chur a gcéill gur Día é féin.
5. A né nach cumhuin libh, ar mbeith dhamh fós bhur bhfochair, go ndubhairt mé na neíthese ribh?
6. Agus a nois atá a fhios aguibh créud is toirmeasg ann chum a fhoillsighthe ann a ám féin.
7. Oír atá rúindíamhair na neimhdhíaghachda ag oibriughadh cheana: amháin an tí thoirmisgeas a nois cuirfidh sé toirmeasg, nó go dtógaibhthear as lár é.