2 Timóteuis 4:10-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Oír do thréigh Démas mé, ar dtábhairt ghrádha don tsáoghalsa a láthair, agus do imthigh sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.

11. Atá Lucás na áonar um fhochair. Ar mbreith dhuit ar Mhárcuis, tabhair leachd é: óir as ro shocrach dhámhsa é chum miniosdrálachda.

12. Agus do chuir mé Tichicus uáim go Hephesus.

13. An tan thiucfas tú, tabhair leachd an brat noch do fhág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leábhair, go háirighe na meamruim.

14. As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguidh an Tíghearna dhó réir a ghníomharthadh.

15. Agus bíse mar an gcéudna ar do choimhéud air; óir is mór do chuir sé a nadhuigh ar mbríathairne.

2 Timóteuis 4