3. Bheirim buidheachas ré Día, da ndéanuim seirbhís ag leanmhuin luirg na sinnsear maille ré coinnsías glan, fá chuimhne bheith agam ortsa do ghnath am úrnuighibh do ló agus doidhche;
4. Ar mbeith dhamh fonnmhar thusa dfaicsin, an tan chuímhnighim ar do dhéuruibh, ionnus go mbéinn líonta do gháirdheachas;
5. Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.
6. Ar a nadhbharsa cuírim a gcoimhne dhuit tiodhlacadh Dé atá ionnad tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.
7. Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
8. Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;
9. Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
10. Achd atá a nois ar fhoillsiughadh tré theachd deallruigheeach ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do dhíbhir an bás, agus tug beatha agus neamhthruáilleadh chum soillse trés an tsoisgéul:
11. Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, agus um dhoctúr na Gcineadhach.
12. An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.