1. Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, foillsigheamaóid grás Dé dháoibh noch tugadh deagluisibh na Macedónia;
2. Eadhon a ngáirdeachas líonmhar sa mbuaidhirt mhóir lér dearbhadh íad agus gur líon a mbochduine ro mhór chum saidhbhris a ndáonachd.
3. Oír (do ním dfíadhnuisi dhóibh,) do bhádar toilteanach do réir a nacfuinne, nó fós ós cionn a nacfuinne;
4. Dhá íarruidh go gér dathchuinghe oruinne an grása agus cómhruinn sa miniosdrálachd a dtimcheall na náomh, do ghabháil oruinn.
5. Agus ní do réir mar bhí dóigh aguinn, achd tugadar íad féin ar tús don Tighearna, agus na dhiáigh sin dúinne do thoil Dé.