3. Ní thabhramaoid adhbhar ar bith oilbhéime uáinn a néinní, deagla go mbeith an mhiniosdrálachd dá diomoladh:
4. Achd do nímid sinn féin ionmholta sa nuile ní mar mhinisdribh Dé, ré foighid fhada, a mbuáidhearthuibh, a raichdanus, a namhgar.
5. A mbuillidhibh, a bpriosúnuibh, a ndíbirt ó áit go háit, a sáothar, a bhfaire, a dtroisgibh;
6. A ngeanmnuidheachd, a néolus, a niomchar fhada, a macántas, máille ris an Sbiorad Náomh, máille ré grádh neamhfhallsa,
7. Maille ré bréíthir na fírinne, maille ré cúmhachd Dé, maille ré harmuibh fíréuntachda air ar láimh dheis agus chlé,
8. Tré onóir agus easonóir, tré dhrochtheisd agus dheaghtheisd: mar mhealltóirigh, agus íad fírinneach;