8. Dá tháobh so do chuir mé impidhe ar an Dtighearna fo thrí, fá na dhul uáim.
9. Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
10. Uime sin bí sáimhe oram a néugcruasuibh, a nimdheargthuibh, a ríachdanusuibh, a ngérleanmhanuibh, a namhgharuibh ar son Chríosd: óir a núair bhím lag, bím láidir an tan sin.
11. Atáim mícheillidhe ré déunamh mórdhála; is sibhse do chóimhéignidh mé: oír bá cóir dhamh mo mholadh uáibhse: óir ní raibh mé a gcáil ar bith fáoi an luchd dob áirde do na habsdaluibh, bíodh nach bhfuil éifeachd ionnam.
12. Go deimhin do hoibrigheadh cómharthaigh absduil eadruibhse maille ris a nuile fhoighid, a gcómharthuibh, agus a niongantasuibh, agus a gcúmhachduibh.
13. Oír créud í an cháil a rabhabhair fáoi eagluisibh eile, muna bé nár léig misi mo throm oruibh? tuguidh maitheamhnas damh sa néugcóirse.
14. Féuch, is ullamh a nois mé an treas uáir chum teachd chuguibh; agus fós ní chuirfe me mó throm oruibh: óir ní hí bhur máoin íarruim, achd sibh féin: oír ní hair an gcloinn ata dfíachuibh ionnmhus do chruinniughadh fá chómhair na naithreach, achd ar an haithribh fá chómhair na cloinne.
15. Agus budh ró mhían leamsa caitheamh ribhsi; agus mé féin fós do thabhairt ar son bhur nanmann: bíodh dhá mhéud ghráidhighim sibh, gur lúghaide bhur ngrádh dhamh é.
16. Achd bíodh, nár chuir mé muirighin oruibh, gidheadh, ar mbeith dhamh glic, do ghabh mé sibh rém ghliocas.