2 Ccorintiánach 11:23-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. An minisdrí do Chríosd íad? (labhruim mar dhuine michéillidhe) atáim ós a gcrionn sa cháil sin, níos líonmhuire a sáothruibh, a mbuilleadhuibh níos ro mhó, a bpríosúnuibh níos mionca, a ngúas bháis go minic.

24. Fuáir mé dhá fhithchead buille achd a háon, cúig huáire ó na Iúdaighibh.

25. Do gabhadh do shlatuibh oram tré huáire, do gabhadh oram éunuáir do chlochuibh, dfulaing mé luingbhriseadh trí huáire, do bhí mé lo gon oídhche a ndubhaigéun na fairrge;

26. A naisdribh go minic, a ngábhadh aibhneadh, a mbáoghal bíothamhuach, a mbáoghal ó mo chineadh, a mbáoghal ó na cineadhachuibh, a mbáoghal sa gcathruidh, a mbáoghal sa bhfásach, a mbáoghal sa bhfairrge, a mbáoghal a measg dhearbhráithreach bhfállsa.

27. A dtuirse agus a mbriseadh croidhe, a bhfáire go minic, a nócarus agus a níotuin, a dtroisgthibh go minic, a bhfúachd agus a lomnochduighe.

28. Os cionn na neitheannsa don táobh amuígh, an ní thig oram go láetheamhuil, cúram na nuile eagluiseadh,

29. Cía bhíos lag, agus nach mbímse lag? cía gheibh oilbhéim, agus nach mbímse dom losgadh?

2 Ccorintiánach 11