2 Ccorintiánach 11:19-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Oír fuilngidh sibh daóine gan chéill go toilteanach, do bhrígh go bhfuil sibh féin céillidhe.

20. Oír iomcharthaói, dá mbeire neach a ndaóirsi sibh, dá sluige neach sibh, dá mbeana neach bhur gcuid díbh, da nárduighe neach é féin, dá mbuáile neach sibh ar a nadhuigh.

21. As a dtáobh easonóra a deirim so, amhuil mar bhéimisne annbhfan. Má seadh fós gidh bé ar bith ni as a bhfuil neach eile dána, (labhrum go mícheillidhe,) atáimse mar an gcéudna dána as.

22. An Eabhruidhe íasdan? a seadh misi mar an gcéudna. An Isráeluidh íad? a seadh misi fós. An do shíol Abráham íad? a seadh misi mar an gcéadna.

23. An minisdrí do Chríosd íad? (labhruim mar dhuine michéillidhe) atáim ós a gcrionn sa cháil sin, níos líonmhuire a sáothruibh, a mbuilleadhuibh níos ro mhó, a bpríosúnuibh níos mionca, a ngúas bháis go minic.

24. Fuáir mé dhá fhithchead buille achd a háon, cúig huáire ó na Iúdaighibh.

25. Do gabhadh do shlatuibh oram tré huáire, do gabhadh oram éunuáir do chlochuibh, dfulaing mé luingbhriseadh trí huáire, do bhí mé lo gon oídhche a ndubhaigéun na fairrge;

26. A naisdribh go minic, a ngábhadh aibhneadh, a mbáoghal bíothamhuach, a mbáoghal ó mo chineadh, a mbáoghal ó na cineadhachuibh, a mbáoghal sa gcathruidh, a mbáoghal sa bhfásach, a mbáoghal sa bhfairrge, a mbáoghal a measg dhearbhráithreach bhfállsa.

2 Ccorintiánach 11