2 Ccorintiánach 1:8-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Oír ní háil linn, ainbhfeas do bheith aruibh, a dhearbhráithre, a dtáobh na buáidheartha thárrla dhúinn sa Násia, eadhon, gur brúghadh tar mhógh sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raibh amharus aguinn fós air a bheith béo:

9. Achd do bhreathbuigheamar ionainn féin go rabhamar fá bhreith an bháis, ionnus nach asuinn féin do bhíadh muinighin aguinn, achd as Día dhúisigheas na mairbh:

10. Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;

11. Ar mbeith dhíbhse ag cómhchúngnamh ré chéile a núrnuighe air ar son, ionnus go ttiubhradh mórán buidheachus air ar soinne do bhrigh an tiodhlaice fúaramar air son mhóráin dáoinibh.

2 Ccorintiánach 1