1 Timóteuis 4:5-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Oír do níthear náomhtha é tré bhréithir Dé agus tré urnuighe.

6. Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill do na dearbhráithribh, biádh tú ad mhinisdir mhaith Diósa Críosd, ar mbeith dhuit oilte a mbríathruibh an chreidimh agus an teagusg mhaith, dár lean tú.

7. Gidheadh seachain sgéula fábhuil neamhdhíagha caillchúla, agus cleachd thú féin chum díaghachda.

8. Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tarbhach an díaghachd chum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.

9. As rádh fírinneach so agus atá sé iongabhála ris ar gach éunchor.

10. Oír as uime do nimíd sáothar agus imdheargthar sinn, do bhrígh go bhfuil ar muinighin a Ndía bhí, agár ab é as fear sáortha do na huile dháoinibh, go mórmhór do druing chreideas.

11. Fógair agus teaguisg na neithese.

12. Ná bíodh tarcuisne ag áoinneach ar hóige; achd bí mar eisiompláir don druing agá bhfuil creideamh, a mbréithir, a gcoinbhearsaid, a ngrádh, a sbioruid, a gcreideamh, agus a bhfíorghloine.

1 Timóteuis 4