10. Do sdríopthachuibh, so dháoinibh míonádúrtha, do ghaduighibh dáoineadh, do dháoinidh bréugacha, do luchd anéithigh, agus má tá ní ar bith eile contrárdha do theagusg fhalláin;
11. Do réir shoisgéil ghlórmhair Dé bheannuighthe, do fágbhadh táobh riumsa.
12. Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;
13. Ar mbeith dhamh roimhe um fhear labhartha blaisphéimeadh, agus um gherleanadóir agus um dhuine eugcórach: achd do rinneadh trócaire oram, ar a nadhbhar gur tré ainbhfios do rinne mé so ar dhíth creidimh.