1 Eóin 2:7-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. A dhearbhráithre, ní háithne núadh sgríobhum chuguibh, achd an tseanáithne do bhí aguibh ó thosuigh.

8. A rís, sgríobhuim áithne núadh chuguibh, noch atá fírinneach annsan agus ionnuibhse: óir atá an dorchadas ag imtheachd thoruinn, agus atá an solas fírinneach a nois ag soillsiughadh.

9. An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

10. An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.

11. Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile.

12. Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuilid bhur bpeacuidh ar na maitheamh dhíbh ar son a anmasan.

1 Eóin 2