1 Eóin 2:4-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.

5. Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan.

6. An tí a deir go bhfuil sé na chomhnuighe annsan atá dfíachuibh air síubhal, réir mar do shiubhaíl seision.

7. A dhearbhráithre, ní háithne núadh sgríobhum chuguibh, achd an tseanáithne do bhí aguibh ó thosuigh.

8. A rís, sgríobhuim áithne núadh chuguibh, noch atá fírinneach annsan agus ionnuibhse: óir atá an dorchadas ag imtheachd thoruinn, agus atá an solas fírinneach a nois ag soillsiughadh.

9. An tí a deir é féin do bheith sa tsolas, agus fhúaithigheas a dhearbhráthair, atá sé sa dorchadus gus a nois.

10. An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.

11. Achd an tí fhuáithigheas a dhearbhráthair atá sé a ndorchadas, agus siubhluidh sé a ndorchadas, agus ní eadair sé cá háit a ngabhann, do bhrígh gur dhall an corchadas a shúile.

12. Sgríobhuim chuguibh, a chlann bheag, do bhrígh go bhfuilid bhur bpeacuidh ar na maitheamh dhíbh ar son a anmasan.

13. Sgríobhuim chuguibh, a aithreacha, do bhrígh gur ab aithne dhíbh an tí atá ann ó thosuigh. Sgríobhuim chuguibh, a ogánacha, do bhrígh go rugabhair buáidh ar an droch spioruid. Sgríobhuim chuguibh, a leanba beaga, do bhrígh gur an aithne dhíbh an Tathair.

14. Do sgríobh mé chuguibh, a aithreacha, do bhrigh gur ab aithne dhíbh an tí ata ann ó thosuigh. Do sgríobh mé chuguibh, a ógánacha, do bhrígh go bhfuil sibh láidir, agus go bhfuil bríathar Dé na comhnuighe ionnuibh, agus go rugabhair buáidh ar an droch spioruid.

1 Eóin 2