1 Eóin 1:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. An ní do bhí ann ó thús, an ní do chúalamar, an ní do chonncamar ré ar súilibh féin, an ní air ar fhéuchamar, agus do ghlacadar ar lámha, a dtáobh Bhréithre na beatha;

2. (Oír do foillsigheadh an bheatha, agus do chonncamairne, agus do nimid dfíadhnuise, agus foillsighemid díbhse an bheatha mharthannach úd, noch do bhí ag a Nathair, agus atá ar na foillsughadh dhúinne;)

3. A ní do chonncamar agus do chúalamar atámáoid dhá fhoillsiughadh dhibhse, ionnus go mbíadh cumann aguibhse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Nathair, agus ré na Mhac Iósa Críosd.

4. Agus sgríobhamáoid na neithese chuguibh, chum bhur ngáirdeachais do bheith iomlán.

5. Agus a sí so an teachdaireachd do chúalamar úadhsan, agus fhoillsigheamáoid dhíbhse, eadhon gur solas é Día, agus nach bhfuil dorchadus ar bith ann.

6. Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.

7. Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.

8. Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn.

1 Eóin 1