1 Ccorintiánach 9:7-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?

8. An mar dhuine labhrum na neitheso? a né nach abair an reachd na neithesi mar an gcéudna?

9. Oír atá sgriobhtha a reachd Mháoisi, Ná cuir ceangal ar bhéul an daimh bhriseas an tarbhar. An bhfuil cúram damh ar Dhía?

10. Nó a né nach air ar soinne go huilidhe a déir sé so? Go deimhin, as air ar soinne, atá sé sgríobhtha: oír as maille ré dóthchas is cóir don treabhaire treabhadh do dhéanamh; agus don bhuáilteóir búaladh a muinighin go bhfuigheadh sé tairbhe a dhóthchais.

11. Má shiólchuir sinne neithe sbiorádalta dháoibhse, an mór libhsi sinne do bhuáin bhur neitheann sáoghaltasa?

1 Ccorintiánach 9