2. Tuilleadh eile íarrthar ar na feadhmantachaibh, go bhfuighthidh neach díleas.
3. Ar mo shonsa is ro bheag mo shuim a mbreitheamhnus do dhéunamh dháoibhsé oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós, ní bheirim breath oram féin.
4. Oír ní feasach dhamh ní ar bith dhom tháobh féin; gidheadh ní sháorann sin mé: achd a sé an Tighearna an tí is breitheamh oram.
5. Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
6. Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.