1 Ccorintiánach 4:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Go madh hamhluidh mheasfus duine sinne, mar mhinisdridh Chríosd, agus mar fheadhmantachaibh rúindíamhradh Dé.

2. Tuilleadh eile íarrthar ar na feadhmantachaibh, go bhfuighthidh neach díleas.

3. Ar mo shonsa is ro bheag mo shuim a mbreitheamhnus do dhéunamh dháoibhsé oram, ná fós a mbreitheamhnus dáonna: achd fós, ní bheirim breath oram féin.

4. Oír ní feasach dhamh ní ar bith dhom tháobh féin; gidheadh ní sháorann sin mé: achd a sé an Tighearna an tí is breitheamh oram.

5. Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.

6. Agus a dhearbhraithreacha, do tharruing mé na neithesi chugun féin, agus chum Apollos a bhfioghair ar bhur sonsa; chum sibhse dá bhfoghluim uáinn gan bheith dháoibh ní sa glioca ná mar atá sgriobhtha, gan neach aguibh do bheith a naghaidh a chéile ar na shéideadh.

1 Ccorintiánach 4