1 Ccorintiánach 2:3-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do bhí mé bhur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcriothnughadh mhór.

4. Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide:

5. Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.

6. Gidheadh fós lábhramáoid go héagnuidhe a measg na ndáoineadh iomlána: bíodh nach do réir éagna an tsáoghailse, nó phrionnsadh an tsáoghailse, atá ag dul amúgha:

7. Achd labhramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne:

8. A néagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth.

9. Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é.

1 Ccorintiánach 2