23. Uime sin da gcruinnighe a neagluis uile a gceann a cheile ann éin áit, agus go laibhéoruid uile ré teangthuibh choimhthigheacha, agus go dtiucfuid túatadha no dáoine ar dhíth creidimh a sdeach, a né nach aibéoruid síad go bhfuil sibh air buile?
24. Gidheadh dá rabhuid uile ag fáidheadoireachd, agus duine gan chreideamh, nó túata do theachd a sdeach, sbreagthar úatha uile é, agus do níd uile breitheamhnus air:
25. Agus mar sin foillsighthear neithe folaigheacha a chroidhe; agus amhluidh sin ar dtuitim ar a aghaidh dhó dh bhéura sé onóir do Dhía, ag foillsiughadh go bhfuil Día eadruibhse go fírinneach.
26. Maseadh créd é sin, a dhearbhráithreacha? ar dteachd a gceann a cheile dhíbh, atá salm, atá teagusg, atá teanguidh, atá foillsiughadh, atá míniughadh ag gach duine agaibh. Déuntar na huile neithe chum follamnuighthe.
27. Dá labhruidh áonduine a dteanguidh choimhthigh, labhradh dias, no tríur an chuid is mó dhe, agus sin a ndiáigh a chéile; agus déunadh áon éidirmhíniughadh.
28. Achd muna mbiáidh fear éidirmhínighthe ann, bíodh sé na thochd sa neagluis; agus labhradh ris féin, agus ré Día.
29. Agus labhradh días nó tríur do na faidhibh, agus déunadh an chuid eile breitheamhnus.