15. Gidheadh dá raibh grúag fada ar mhnáoi, as glóir dhí é: óir is mar fholach tugadh a grúag dhi.
16. Achd ma bhíonn éanduine cóinntinneach, ní bhfuil a leithid sin do ghnás aguinne, nó ag eagluisibh Dé.
17. Agus agá fhoillsiughadh so dhamh ní mholaim sibh, fá theachd a gceann a chéile dhibh ní chum bhur leasa, achd chum bhur naimhleasa.
18. Oír ar tús, ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile sa neagluis, do chluinim go mbíd siósmadha eadruibh; agus creidim é a ccáil.
19. Oír is éigin fós eiriceachd do bheith bhur measgsa, chum na druinge atá dearbhtha eadruibh bheith follus.
20. Uime sin ar gcruinniughadh dhíbh a gceann a chéile ann éan ait, ní hé sin suipéir an Tighearna do chaitheamh.
21. Oír íthidh gach áon a shuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar dhuine aguibh, agus duine eile ar misge.
22. A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.