3. Agus gur itheadar uile áon bhíadh amháin sbioradálta;
4. Agus gur ibheadar uile dáoindigh amháin sbioradálta: oír do ibheadar don Charruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Charruic sin Críosd.
5. Achd ní raibh Dia réidh re mórán aca: óir do sgriosadh íad sa bhfásach.
6. Atáid na neithesi a nois na néisiompláiribh aguinne, ionnus nách bíadh fonn droichneithe orainne, amhail do bhí orrthasan fós.
7. Uime sin na bíghídhsi bhur luchd iodhaladhruigh, mar do bhí dream acasan; amhail atá sgríobhtha, Do shuigh an pobal síos chum ithe agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh chum súgartha.