1 Ccorintiánach 1:28-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:

29. Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.

30. Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:

31. Ionnus, do reir mar atá sgriobhtha, An tí do ní máoithfeachus, déunadh sé máoithfeachas sa Dtighearna.

1 Ccorintiánach 1