Zacairia 6:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'ardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo.

2. Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann,

3. agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann.

Zacairia 6