Zacairia 4:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'fhill an t‑aingeal a bhí ag caint liom agus dhúisigh sé mé mar a dhúisítear duine as a chodladh.

2. “Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

Zacairia 4