Uimhreacha 9:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

6. Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,

7. agus dúirt siad leis: “Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?”

8. D'fhreagair Maois iad: “Fanaigí mar a bhfuil sibh go gcluine mé cad é an t‑ordú a thabharfaidh an Tiarna fúibh.”

9. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

10. “Abair le clann Iosrael: ‘Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin.

11. Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t‑uan le harán slim agus le luibheanna searbha;

12. ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.

Uimhreacha 9