Uimhreacha 8:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Abair le hÁrón: ‘Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.’ ”

3. Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

4. Ba d'ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin - ba d'ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.

Uimhreacha 8