Uimhreacha 5:29-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,

30. nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.

31. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.”

Uimhreacha 5