Uimhreacha 4:20-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”

21. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

22. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;

23. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

24. Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí.

25. Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,

26. brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram.

27. Dualgais uile chlann Ghéirseon - a n‑ualaí agus a gcúraimí - déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.

28. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.

29. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;

30. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

31. Seo iad an t‑ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa;

32. na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.

Uimhreacha 4