Uimhreacha 4:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. “Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

18. “Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach.

19. Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.

20. Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”

21. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

22. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;

23. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

24. Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí.

25. Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,

26. brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram.

27. Dualgais uile chlann Ghéirseon - a n‑ualaí agus a gcúraimí - déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.

Uimhreacha 4