Uimhreacha 33:30-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Chuireadar chun bealaigh ó Haismioná agus shuíodar a gcampa i Mosaerót.

31. Chuireadar chun bealaigh ó Mhosaerót agus shuíodar a gcampa i mBeiné Iacán.

32. Chuireadar chun bealaigh ó Bheiné Iacán agus shuíodar a gcampa i Hor Haigidgeád.

33. Chuireadar chun bealaigh ó Hor Haigidgeád agus shuíodar a gcampa in Iotbátá.

34. Chuireadar chun bealaigh ó Iotbátá agus shuíodar a gcampa in Abroná.

35. Chuireadar chun bealaigh ó Abroná agus shuíodar a gcampa in Eizion Geibir.

36. Chuireadar chun bealaigh ó Eizion Geibir agus shuíodar a gcampa i bhfásach Zin, Cáidéis is é sin.

37. Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm.

Uimhreacha 33