Uimhreacha 33:11-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín.

12. Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá.

13. Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis.

14. Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann.

15. Chuireadar chun bealaigh ó Rifídím agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shíonái.

16. Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shíonái agus shuíodar a gcampa i gCiobrot Hatavá.

17. Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot.

18. Chuireadar chun bealaigh ó Hazaerot agus shuíodar a gcampa i Ritmeá.

19. Chuireadar chun bealaigh ó Ritmeá agus shuíodar a gcampa i Riomon Peiriz.

20. Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá.

21. Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá.

22. Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá.

Uimhreacha 33